

We’re thrilled to announce the launch of our brand-new Irish language resources on the Global Education Time Ireland website. These materials have been created to support teachers, learners, and anyone interested in engaging with global issues through the Irish language.
Ag díriú ar ár bpríomhaonaid teagaisc agus foghlama, tá mínithe soiléire curtha ar fáil againn ar na príomhchoincheapa a bhaineann leis na ceithre Smaoineamh Mhóra: éagothroimí idirnáisiúnta, éagothroimí inscne, athrú aeráide agus imirce. Cuirtear na smaointe uile ar fáil i nGaeilge inrochtana, rud a chabhraíonn leis na húsáideoirí na téamaí domhanda sin a iniúcadh go muiníneach. Chomh maith leis sin, tá sraith bileoga oibre forbartha againn a ghabhann leis na haonaid. Tá trí cinn acu ar fáil cheana féin, agus an ceathrú ceann ag teacht go luath. Ba mhór againn do chuid aiseolais agus muid ag iarraidh ár n-ábhar agus ár n-acmhainní Gaeilge a mhéadú agus a fheabhsú. Déan teagmháil linn ag get@apa.ie, agus ná dean dearmad ár leathanaigh Instagram agus Facebook GET a leanúint chun nuashonruithe rialta a fháil maidir lenár ngníomhaíochtaí.
