Celebrating Seachtain na Gaeilge at Global Education Time

Ceiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge ag Global Education Time

Ag Global Education Time, táimid bródúil as Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh, tréimhse speisialta atá tiomnaithe don Ghaeilge a chur chun cinn agus ceiliúradh a dhéanamh uirthi. Táimid bródúil freisin as acmhainní Gaeilge a chur ar fáil ar ár suíomh gréasáin amhail ár nAonaid Teagaisc agus Foghlama agus ár léarscáileanna oideachais, rud a chabhraíonn le foghlaimeoirí, oideoirí agus pobail aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda agus iniúchadh a dhéanamh orthu trí theanga dhúchais na hÉireann.

Is deis iontach í Seachtain na Gaeilge chun an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge mar theanga bheo agus mar chuid lárnach d’fhéiniúlacht na hÉireann a aithint. Ag Global Education Time, creidimid go gcabhraíonn foghlaim teanga daoine ó chultúir éagsúla a thabhairt le chéile agus go dtacaíonn sí le tuiscint níos doimhne a fháil ar oidhreacht, traidisiúin agus pobal.

Le linn na seachtaine, molaimid do chuile dhuine páirt a ghlacadh trí fhocail agus nathanna nua a fhoghlaim trí Ghaeilge, iniúchadh a dhéanamh ar scéalta agus traidisiúin Ghaeilge agus an teanga a roinnt le daoine eile. Lenár léarscáileanna oideachais trí mheán na Gaeilge, tugtar an deis dúinn a bheith ag foghlaim inár dteanga dhúchais. Is féidir le céimeanna beaga fiú cabhrú linn an Ghaeilge a chur chun cinn agus ceiliúradh a dhéanamh uirthi. Tá áthas orainn tacú le ceiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge agus leanúint ar aghaidh ag soláthar acmhainní lena spreagtar foghlaim teanga agus meas cultúrtha d’fhoghlaimeoirí ar fud na tíre agus timpeall an domhain.

Share

Newsletter

The project is co-funded by DEAR (Development Education and Awareness Raising) Programme of the European Commission.
This website was created and maintained with the financial support of the European Union. Its contents are the sole responsibility of the project partners and do not necessarily reflect the views of the European Union.